July 30, 2012 10:27 276 views
Ráiteas Nuachta 27 Iúil 2011
Tionscnamh nua tiomnaithe ag Údarás na Gaeltachta chun todhchaí na feirmeoireachta bradán i ndeisceart Chonamara a chinntiú
Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh chinneadh an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon Coveney, TD, inniu, ceadúnais uisceshaothraithe ó chúig chomhlacht éagsúil a aistriú chuig an gcomhlacht nua Bradán Beo Teo.
Is comhlacht é Bradán Beo Teo atá bunaithe ag Údarás na Gaeltachta, Maoiniú Mara Teo agus Michael Muhr chun iarracht a dhéanamh feirmeoireacht bradán inmharthana a dhaingniú agus a athbheochan i gCuan Chill Chiaráin i gCo. na Gaillimhe.
Ag cruinniú dá chuid an mhí seo caite, thacaigh Bord Údarás na Gaeltachta leis an socrú comhlacht nua Bradán Beo Teo a bhunú agus iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus na ceadúnais a aistriú. Le roinnt míonna anuas, tá an tÚdarás ag obair i bpáirtíocht le sealbhóirí na gceadúnas feirmeacha éisc i ndeisceart Chonamara agus leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le hiarracht a dhéanamh todhchaí na feirmeoireachta bradán orgánaigh i ndeisceart Chonamara a chosaint, a fhorbairt agus a chinntiú.
Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeananch Údarás na Gaeltachta, “Tá 75 duine fostaithe faoi láthair san earnáil uisceshaothraithe i gConamara sna réimsí feirmeoireachta éisc, próiseála, pacáistiú agus díolacháin. Cabhróidh bunú an chomhlachta Bradán Beo Teo leis na poist seo a chosaint agus cinnteoidh sé forbairt inmharthana an tionscail feirmeoireachta bradán i gCuan Chill Chiaráin sa todhchaí.
Beidh Bradán Beo Teo ag obair i gcuideachta le Bord Iascaigh Mhara agus Foras na Mara le forbairt inmharthana na bhfeirmeacha éisc agus cosaint na timpeallachta i gConamara a chinntiú.
Críoch
Nóta don eagarthóir:
Bhí na ceadúnais uisceshaothraithe, atá aistrithe chuig an chomhlacht Bradán Beo Teo, ag na comhlachtaí seo a leanas roimhe seo - DMCI Golam Teo, Muiracmhainní Teo, Éisc Uí Fhlathartha Teo, Éisc Iathglas Teo agus Muir Gheal Teo.
May 3, 2013 15:49 BST
Randox Teo expands its R&D facility in An Clochán Liath with a €0.5m investment
May 3, 2013 15:42 BST
Randox Teo le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a áis Taighde agus Forbartha ar an Chlochán Liath le hinfheistíocht de €0.5 milliún
Nov 20, 2012 14:50 GMT
Bord Nua ar Údarás na Gaeltachta
Nov 20, 2012 14:46 GMT
New Board appointed to Údarás na Gaeltachta
Sep 25, 2012 14:57 BST
Official Launch of 'Blas Bídh Uíbh Ráthaigh' Food Festival
Sep 25, 2012 12:53 BST
Féile 'Blas Bídh Uíbh Ráthaigh' á sheoladh go hoifigiúil amárach
"Lá Eolais faoi dheiseanna fostaíochta, cúrsaí oideachais agus traenála á eagrú amárach i nGaoth Dobhairag 10rn. http://t.co/SuatSvjyRz"
UdarasnaG 22 May 15:46
"Employment, Training and Education Opportunities Information Day takes place tomorrow in Gaoth Dobhair. http://t.co/tDNeRaeGhc"
UdarasnaG 22 May 15:46
"Seimineár dírithe ar earnáil na mara á reáchtáil le linn Féile Mara na Gaillimhe ar 30 Bealtaine Clár: http://t.co/faYof5KJAH"
UdarasnaG 22 May 09:19
Mediacontact.ie, 8 Greenmount House, Greenmount Office Park, Harold's Cross Road, Dublin 6W
Tel: (01) 473 2050 Fax: (01) 473 2049 Email: info@mediacontact.ie
Copyright © 2013 Mediacontact.ie . All rights reserved. Built by Lightbox Digital
PRESS OFFICE
Siubhán Nic Grianna
Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta
Tel: 091 503219
Email: sng(at)udaras.ie
Fax: 091 503101
Press Room: www.udaras.ie/faoin-udaras/nuacht-na-meain/preaseisiuinti/
ADDRESS
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
Tel: 091 503100
Email: eolas(at)udaras.ie